Ghlac na Naíonáin Mhóra páirt i gcomórtas ealaíne i rith Seachtain Cairdeas. Rinne gach páiste póstear deas ar chairdeas. Ar an bpóstear bhí an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile agus Meas ar rudaí. Rinne gach páiste sár-iarracht agus bhí na múinteoirí an-bhródúil astu. Bhuaigh Tommy i Rang Eimear agus Liam i Rang Siobhán duais. Comhghairdeas libh a bhuachaillí
Seachtain Cairdeas '09
Tá muid mar scoil ag iarraidh a chur in iúl nach nglacann muid le bulaíocht d'aon saghas.
Chun tús a chur leis an tseachtain, beidh ar na páistí gealltanas frith-bhulaíochta a shíniú agus an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile & Meas ar mhaoin a fhoghlaim.
Chomh maith le sin, beidh muid mar mhúinteoirí ag plé rialacha ranga agus scoile leis na páistí agus ag cur béim ar cheachtanna bunaithe ar bhulaíocht.
I rith na seachtaine beidh seans ag gach páiste leabharmhairc nó postaer ar chairdeas a dhearadh. Beidh buaiteoir amháin ó chuile rang.
Ar an Aoine an tseachtain sin, chun taispeáint go bhfuil muid ar fad i gcoinne an bhulaiocht, beidh na páistí ag caitheamh rud éigean gorm agus ag tabhairt euro amháin don ISPCC. Ag am tionóil, beidh taispeántas frith-bhulaíochta ó chúpla rang, cainteoir ón ISPCC, agus bronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí an chomórtas ealaíne.
Do na tuismitheoirí, beidh oíche eolais sa halla ar an gCéadaoin (11ú) ar a 8 a chlog. Martina Ní Shúilleabháin (Child Abuse Prevention Programme) an cainteoir a bhéas ann chun an clár Bí Sábháilte a phlé. Beidh béim ar an aonad faoi bhulaíocht.
Subscribe to:
Comments (Atom)
