Tá muid mar scoil ag iarraidh a chur in iúl nach nglacann muid le bulaíocht d'aon saghas.
Chun tús a chur leis an tseachtain, beidh ar na páistí gealltanas frith-bhulaíochta a shíniú agus an mana Meas orm féin, Meas ar dhaoine eile & Meas ar mhaoin a fhoghlaim.
Chomh maith le sin, beidh muid mar mhúinteoirí ag plé rialacha ranga agus scoile leis na páistí agus ag cur béim ar cheachtanna bunaithe ar bhulaíocht.
I rith na seachtaine beidh seans ag gach páiste leabharmhairc nó postaer ar chairdeas a dhearadh. Beidh buaiteoir amháin ó chuile rang.
Ar an Aoine an tseachtain sin, chun taispeáint go bhfuil muid ar fad i gcoinne an bhulaiocht, beidh na páistí ag caitheamh rud éigean gorm agus ag tabhairt euro amháin don ISPCC. Ag am tionóil, beidh taispeántas frith-bhulaíochta ó chúpla rang, cainteoir ón ISPCC, agus bronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí an chomórtas ealaíne.
Do na tuismitheoirí, beidh oíche eolais sa halla ar an gCéadaoin (11ú) ar a 8 a chlog. Martina Ní Shúilleabháin (Child Abuse Prevention Programme) an cainteoir a bhéas ann chun an clár Bí Sábháilte a phlé. Beidh béim ar an aonad faoi bhulaíocht.
